GEARRSCANNÁIN
WED 9 July | 10:00 | Town Hall Theatre | 86’

Go Raibh Míle Síle
Tá Aoife réidh le socrú síos agus clann a bheith aici, ach níl ag éirí go rómhaith lena saol grá.
Stiúrthóir: Rachel Nic An Ultaigh Scríbhneoir/Léiritheoir: Caoimhe Ní Mhathúna

Cailleach
Is scannán uafáis osréalach Gaeilge é Cailleach a thugann léargas ar a t-éagóir fheiminieach in Éirinn Chaitliceach. Leanann an scánnán scéal cailín óg agus an entiteas taibhseach a bhreathnaíonn ar a gluaiseachtaí.
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Katie-Bea Elger
Léiritheoir: Lucy-May McManus

Oíche Chultúir
I mbaile ciúin in Éirinn, fágtar fear óg ag fánaíocht idir aghaidheanna aithnidiúla agus ciúineas scanrúil, á leanúint ag rud éigin dofheicthe. Scannán lom i nGaeilge, is machnamh fileata é Oíche Chultúir ar chuimhní, ar éagmais agus ar rudaí gan rá.
Stiúrthóir/Scríbhneoir/Léiritheoir: Oisín Fleming

Mamó & Mise
Tá Fionn ag múitseáil ón scoil chun lá deireanach a chaitheamh lena mhamó ar eachtra faoin tuath i gCorcaigh.
Stiúrthóirí/Léiritheoirí: Jack Desmond, Cian Desmond
Scríbhneoir: Jack Desmond

Claonadh
In Éirinn sna 1920í iompaíonn an dúil atá ag cailín aimsire ina dúspéis. Suite i dTeach Mór, áit a bhfuil rialacha dochta i réim, in Claonadh fiosraítear cumhacht agus fonn, an fhantaisíocht agus an fhírinne.
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Ciara Ní É
Léiritheoirí: Jamie O Rourke, Aisling Magill

Cogar
I bhfiantas álainn iarthar Chiarraí caitheann iníon atá faoi dhobrón cogar na seanmhuintire agus an phobail a leanúint chun teacht ar a hathair – agus ar an todhchaí – nárbh eol di riamh cheana.
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Elaine Kennedy
Léiritheoir: Claire Cassidy

Tíolacadh
Téann bean óg ar thuras go dtí a séan baile dúchais sa Ghaeltacht chun cuairt a thabhairt ar a hathair a bhfuil caidreamh míshocair eatarthu agus faigheann sí bronntanas speisialta ó foinse neamhghnách.
Stiúrthóirí: Sadhbh Larkin Coyle, Séan Coyle
Scríbhneoir: Sadhbh Larkin Coyle
Léiritheoirí: Aidan O’Sullivan, Sarah Josephine M’rad