DANCE MASTER

Sat 12 July | 13:00 | Pálás Screen 1

2025 | Ireland, UK | 70’

Irish, English (English Subtitles)

Is clár faisnéise é Dance Master a thugann léargas cruinn ar an damhsóir Gaelach agus ar an chóiréagrafaí Breandán de Gallaí, fear a bhfuil a shaothar sáite sa traidisiún agus sa nuálaíocht araon. 

In imeacht bliana a taifeadadh an clár faisnéise agus leantar cur chuige ealaíne de Gallaí agus é i mbun cleachtaidh agus léiriú agus bímid ina chuideachta agus é ag machnamh ar thús a ghairme a bhí dílis do thraidisiún an damhsa Ghaelaigh agus é ag machnamh fosta ar an athrú ollmhór atá tagtha ar ghnásanna an damhsa ó shin. Ó shaol struchtúrtha na gcomórtas damhsa go feiniméan domhanda Riverdance agus é anois ina ealaíontóir agus ina scoláire damhsa a bhíonn ag fiosrú na bhféidearthachtaí a bhaineann leis an damhsa Gaelach, bíonn macántacht annamh le sonrú i saothar de Gallaí ar an stáitse agus ar an scáileán araon. 

Agus staid chultúrtha na hÉireann ag síorathrú ar na saolta seo, fiosraíonn Dance Master an bealach a mbíonn an chuimhne, an fhéiniúlacht agus an chiall don saol féin fite fuaite sa ghluaiseacht agus fiosraíonn sé chomh maith an méid a bhíonn i ndán don ealaíontóir a thosaíonn ag ceistiú na rialacha ar chloígh sé féin chomh docht sin leo lá den saol. 

Breandán de Gallai is the dancer’s dancer. A Riverdance lead, now choreographer and academic, his life as a gay man in his 50s holds a mirror to the changes in Irish society over half a century. Now a PhD and director of dance company Ériu, Breandán’s students and performers come from all over the world to explore gender, movement, and narrative through Irish Dance. In this film, Breandán, with peers and protégées, family and friends, tells his unique story, illustrated with extensive personal and professional archive, to chart his remarkable transformation as an artist. Over a year, we observe the process of creating new shows and choreography, including a very personal work for his late partner, Declan, performed on Gola Island in 2025.

Post-show discussion will follow

Director: Richard Howard
Producers: Seán Ó Baoill, Anne Stirling
Featuring: Breandán de Gallaí